Íocaíochtaí a bhaineann le cúram altramais

Tá íocaíochtaí i leith cúram altrama agus íocaíochtaí eile áirithe arna dhéanamh ag:

  • an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach (Túsla)
  • Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)

díolmhaithe ó Cháin Ioncaim.

Folaíonn sé seo íocaíochtaí déanta nó údaraithe ag Túsla le cúramóirí, tuismitheoirí altrama, gaolta agus daoine óga atá ag aistriú ó chúram. Áirítear chomh maith íocaíochtaí a rinne an FSS nó thar ceann an FSS do chúramóir don Liúntas d’Óstach Comhroinnte Baile. Tá na íocaíochtaí seo díolmhaithe ón Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) chomh maith.

Is éard is cúramóir ann ná:

  • daoine atá nó a bhí ina dtuismitheoirí altrama nó ina ndaoine gaolmhara
  • duine a thugann cúram do dhuine aonair thar ceann Tusla nó an FSS.

Féadtar tuilleadh eolais a fháil sa treoirleabhar Tax and Duty Manual 07-01-31 'Foster Care Payments'.