Scéim Ex-Gratia um Bhás i Seirbhís COVID-19 d'Oibrithe Cúram Sláinte
Ligeann an Scéim um Bhás i Seirbhís COVID-19 íocaíocht cnapshuime de €100,000 i ndáil le bás oibrí cúraim sláinte. Ní mór incháilitheacht agus teidlíocht i leith íocaíochta faoin scéim a chruthú.
Déanfaidh an Stát íocaíocht le heastát oibrithe cúram sláinte a bhfuil COVID-19 mar chúis lena mbás, agus a tolgaíodh ag an obair.
Tá íocaíochtaí a dhéantar faoin scéim seo díolmhaithe ó na nithe seo a leanas:
- Cáin Ioncaim
- Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU)
- Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC)
- Cáin Fáltas Caipitiúil (CFC).
Cén chaoi le díolúine a éileamh
Is é an bealach is éasca agus is sláine chun an díolúine seo a éileamh ná iarratas a chur isteach trí moChúrsaí nó trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) ag baint úsáide as M’Fhiosruithe.