Íocaíochtaí míchearta maidir le clárúcháin breithe

In 2022, chuir an Rialtas íocaíocht aonuaire de €3,000 i bhfeidhm do dhaoine aonair a dheimhnigh Tusla a gclárúchán breithe mícheart.

Bhí an íocaíocht i gceist mar ranníocaíocht i dtreo costais a bhaineann le clárúchán breithe mícheart, mar shampla tástáil DNA nó táillí dlí.

Tá an íocaíocht seo díolmhaithe ó Cháin Ioncaim agus ón Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU).

Cén chaoi le díolúine a éileamh

An bealach is éasca agus is sláine chun an díolúine a éileamh ná m’Fhiosrú a chur isteach trí moChúrsaí nó trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).