Díolúintí i dtaca le cúiteamh do dheontóirí beo áirithe

Tá an Scéim Aisíocaíochta do Dheontóirí Beo á riar ag Oifig Aisíocaíochta do Dheontóirí Beo de chuid Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Tugtadh isteach an scéim chun aghaidh ar thabhairt ar cheist na gcostais a thabhaíonn deontóirí atá rannpháirteach i gClár um Dheontóirí Beo in Éirinn. Tugann an scéim an deis do dheontóirí ionchasacha cúiteamh a fháil i leith costas a thabhaítear i dtaca leis an deonú. Mar sin féin, ní fhéadfaidh siad brabús a dhéanamh as an deonú.

Féadfaidh deontóir beo cúiteamh a fháil i dtaca le duán nó liopa ae a dheonú. Tá an cúiteamh seo teoranta go docht do na costais réasúnacha a bhaineann leis an deonú a chlúdach. 

Féadfaidh deontóir beo aisíocaíocht a fháil i leith na nithe seo a leanas:

  • costais dheimhnithe le haghaidh taistil agus lóistín, suas le huasmhéid €8,000
  • caillteanas ioncaim a bhaineann le deonú, suas le huasmhéid €15,000
  • agus
  • costais chúraim leanaí nach mbeadh tabhaithe murach sin, suas le huasmhéid €6,750. 

Tá íocaíochtaí a fhaigheann deontóir beo faoin scéim seo díolmhaithe ó Cháin Ioncaim. Ní bhaineann an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) leis an íocaíocht seo. 

Cén chaoi le díolúine a éileamh

Is é an bealach is éasca agus is sláine chun an díolúine seo a éileamh ná iarratas a chur isteach trí moChúrsaí nó trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) ag baint úsáide as m'Fhiosruithe.