Íocaíochtaí tí níocháin Magdalene

Tá íocaíochtaí a dhéantar faoin Scéim Ex-gratia um Cheartas Aisiríoch Mhaigdaleana díolmhaithe ó na nithe seo a leanas:

  • Cáin Ioncaim
  • Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU)
  • Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC)
  • Cáin Fáltas Caipitiúil (CFC).

Baineann an díolúine seo le híocaíochtaí arna ndéanamh ar an 01 Lúnasa 2013, nó dá éis.

Má infheistíonn tú an íocaíocht chúitimh seo, d'fhéadfadh sé a bheith díolmhaithe ó cháin freisin i ndáil leis an ioncam nó leis an ngnóthachan ón infheistíocht.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an Tax and Duty Manual Part 07-01-23 nó déan teagmháil le hAonad na gCásanna Íogaire (SCU) trí M'Fhiosruithe.

Cén chaoi le díolúine a éileamh

Is é an bealach is éasca agus is sláine chun an díolúine seo a éileamh ná iarratas a chur isteach trí moChúrsaí nó trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) ag baint úsáide as M’Fhiosruithe.

Tá SCU tiomnaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim a chuireann tacaíocht rúnda ar fáil do dhaoine aonair ar bronnadh íocaíochtaí orthu ó na foinsí seo.

Nuair atá tú sínithe isteach ar moChúrsaí nó ROS, féadtar d'fhiosrú a chur isteach go díreach chuig an SCU tríd M’Fhiosruithe.

De rogha air sin, is féidir dul i dteagmháil leis an SCU chomh maith trí phost nó ar an bhfón leis na sonraí thíos.

Seoladh poist

Na Coimisinéirí Ioncaim
Bosca Poist 13274
Leitir Ceanainn
Co. Dhún na nGall.

Uimhir fóin

074 9169494