An tAcht um Scéim Íocaíochta na bhForas Máithreacha agus Naíonán 2023
Soláthraíonn Acht um Scéim Íocaíochta na bhForas Máithreacha agus Naíonán 2023 tacaíochtaí airgeadais agus sláinte do dhaoine incháilithe. Chruthaigh an tAcht seo scéim íocaíochta reachtúil do dhaoine a chaith am in bhforais áirithe máithreacha agus naíonán, nó i dteach contae.
Tá íocaíochtaí a dhéantar le daoine a chaith am i bhforais áirithe máithreacha agus naíonán, nó i dteach contae, díolmhaithe ó cháin.
Beidh ‘íocaíocht ábhartha’ a dhéantar le ‘duine ábhartha’ díolmhaithe ó na nithe seo a leanas:
- Cáin Ioncaim
- Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU)
- Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC)
- Cáin Fáltas Caipitiúil (CFC).
Má infheistíonn tú an íocaíocht chúitimh seo, d'fhéadfadh tú a bheith díolmhaithe ó cháin freisin i ndáil leis an ioncam nó leis an ngnóthachan ón infheistíocht.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar íocaíochtaí ábhartha agus ar an sainmhíniú ar dhuine ábhartha, féach Tax and Duty Manual Part 07-01-45 nó dean teagmháil linn trí M’Fhiosruithe.
Cén chaoi le díolúine a éileamh
Is é an bealach is éasca agus is sláine chun an díolúine seo a éileamh ná iarratas a chur isteach trí moChúrsaí nó trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) ag baint úsáide as M’Fhiosruithe.