Íocaíochtaí i leith leanaí tailidimíde
Má tá míchumas agat toisc gur úsáid do mháthair tailidimíd le linn toirchis, d'fhéadfá a bheith in ann leas a bhaint as díolúine ó na nithe seo a leanas:
- Cáin Ioncaim
- Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU)
- Cáin Gnóthachan Caipitiúil.
Baineann an díolúine le híocaíochtaí a fhaightear:
- ón Aire Sláinte
- agus
- an fhondúireacht ar a dtugtar 'Conterganstiftung für behinderte Menschen'.
Má infheistíonn tú an íocaíocht chúitimh seo, d'fhéadfadh tú a bheith díolmhaithe ó cháin freisin i ndáil leis an ioncam nó leis an ngnóthachan ón infheistíocht.
Cén chaoi le díolúine a éileamh
Is é an bealach is éasca agus is sláine chun an díolúine seo a éileamh ná iarratas a chur isteach trí moChúrsaí nó trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) ag baint úsáide as M’Fhiosruithe.
Tá Aonad na gCásanna Íogaire (SCU) tiomnaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim chun tacaíocht faoi rún a thabhairt do dhaoine aonair a fuair íocaíochtaí ó na faoinsí seo.
Nuair atá tú sínithe isteach ar moChúrsaí nó ROS, féadtar d'fhiosrú a chur isteach go díreach chuig an SCU tríd M’Fhiosruithe.
Alternatively, you can contact the SCU by post or phone using the details below.
De rogha air sin, is féidir dul i dteagmháil leis an SCU chomh maith trí phost nó ar an bhfón leis na sonraí thíos.
Seoladh poist
Na Coimisinéirí Ioncaim
Bosca Poist 13274
Leitir Ceanainn
Co. Dhún na nGall.
Uimhir fóin
074 9169494