Seirbhís Tacaíochta Cinnteoireachta (DSS)
Is comhlacht poiblí í an tDSS a bunaíodh chun cearta agus leasanna daoine a chur chun cinn a bhféadfadh tacaíocht a bheith ag teastáil uathu le cinnteoireacht. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin DSS, faoina seirbhísí agus faoi na socruithe éagsúla tacaíochta cinnteoireachta atá ar fáil, féach ar a suíomh idirlín www.decisionsupportservice.ie
Tá an DSS freagrach as clár a choinneáil de chomhaontuithe comhchinnteoireachta, orduithe ionadaíochta cinnteoireachta agus cumhachtaí marthanacha aturnae. Beidh orainn an seasamh leis an DSS a dhearbhú sular féidir linn déileáil leat más ceann acu seo a leanas thú:
- tacadóir cinnteoireachta
- ionadaí cinnteoireachta
- nó
- aturnae faoi aon cheann de na socruithe seo.
Is mór againn d’fhoighne agus téarmaí an tsocraithe á bhfíorú againn.
Má tá tú i dteagmháil linn mar chuid de chomhaontú cúnaimh cinnteoireachta beidh:
- cóip dheimhnithe den chomhaontú
- agus
- toiliú an chustaiméara díreach (cáiníocóir) ag teastáil uainn sula mbeidh muid in ann linn déileáil leat.
Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn maidir le socrú tacaíochta cinnteoireachta, bain úsáid as ár ngnáthbhealaí teagmhála, lena n-áirítear M'Fhiosruithe agus ár línte teileafóin.