Préimheanna árachais liachta

Féadfaidh sé go n-íocann d’fhostóir árachas liachta d’árachóir ceadaithe ar do shon, nó ar son do chuid cleithiúnach, mar Sochar Comhchineáil. Má íocann, féadfaidh tú faoiseamh cánach ar na préimheanna íoctha a éileamh ó na Coimisinéirí Ioncaim.

Tugtar míniú níos mionsonraithe ar an bhFaoiseamh i leith préimheanna árachais liachta sa rannán Creidmheasanna cánach pearsanta, faoisimh agus díolúintí.