Cáin ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh

Má fhágann tú post, nó má éiríonn tú de bheith dífhostaithe, féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal íocaíocht leasa shóisialaigh. De ghnáth, is foinsí incháinithe ioncaim iad íocaíochtaí ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS). Tá siad seo faoi réir Cánach Ioncaim, ach níl siad faoi réir Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU)Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC). Ba chóir duit na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas má bhfaigheann tú íocaíochtaí ón RCS i rith na bliana.

Tá, áfach, roinnt íocaíochtaí ón RCS nach ngearrtar cáin orthu ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Tá liosta mionsonraithe de na híocaíochtaí leasa shóisialaigh incháinithe agus neamh-incháinithe sa rannán Poist agus Pinsin.