Malartú Uathoibríoch Faisnéise – Fógra tábhachtach i dtaca le dátaí tíolactha DAC2 agus CRS

Ba mhaith leis na Coimisinéirí Ioncaim a chur in iúl do na cáiníocóirí ábhartha go bhfuil na rialacha gnó agus bailíochtaithe faighte ó Choimisiún an AE agus go bhfuil tástáil déanta orthu. Dá réir, tá an áis tíolactha ar fáil chun tuairisceáin DAC2 agus CRS a fháil.

Tá síneadh ama á chur leis an dáta tíolactha do thuairisceáin DAC2 agus CRS go dtí 4 Meán Fómhair 2017. Tá sé seo amhlaidh leis an moill a chur san áireamh i dtaca le soláthar an mhodúil riachtanaigh bhailíochtaithe ag Coimisiún an AE.

Tabhair do d’aire go bhfuil an áis Clárúcháin do DAC2 agus CRS fós i bhfeidhm. Ba chóir do chustaiméirí a chinntiú go gcláraíonn siad a luaithe agus is féidir mura bhfuil sé déanta acu cheana féin. Is réamhriachtanas é an Clárú chun go bhféadtar tuairisceáin a thíolacadh in am.