Meabhrúchán - spriocdháta CGT

Má dhíol tú, má bhronn tú nó má d’aistrigh tú sócmhainn idir an 1 Nollaig agus an 31 Nollaig 2020, nó má fuair tú íocaíochtaí caipitil ó shócmhainní dá leithéid, ní mór duit an Cháin Ghnóthachan Caipitiúil atá dlite a íoc faoin 31 Eanáir 2021.

I gcás diúscairtí idir an 1 Eanáir agus an 30 Samhain 2020, bhí an íocaíocht dlite faoin 15 Nollaig 2020.

Baineann na socruithe seo leis an uile cháiníocóir, lena n-áirítear cáiníocóirí ÍMAT agus féinfhostaithe.

Mura bhfuil tú cinnte cibé an bhfuil an cháin seo dlite ort nó nach bhfuil féadfaidh tú dul i dteagmháil le comhairleoir cánach nó le hoifig na gCoimisinéirí Ioncaim.

Tá eolas breise ar fáil ar Cáin Ghnóthachan Caipitiúil (CGC) ar dhíol, bronnadh nó malartú sócmhainne.