Customer Survey - important information
Tá na Coimisinéirí Ioncaim ag tabhairt cuireadh do ghrúpa custaiméirí a roghnaíodh go randamach páirt a ghlacadh i suirbhé gearr. Is é aidhm an tsuirbhé seo aiseolas a bhailiú maidir lenár bhforbairt don Aga Freagartha Measta a cuireadh i bhfeidhm le déanaí ar moChúrsaí agus ar ROS. Ba mhaith linn tuiscint níos fearr a fháil ar thaithí ár gcustaiméirí chun leanúint de bheith ag cur feabhas ar ár gcuid seirbhísí.
Má roghnaíodh thú, gheobhaidh tú ríomhphost ag iarraidh ort ár suirbhé gearr ar líne a dhéanamh faoin 30 Márta 2026. Ní iarrtar faisnéis airgeadais ná pearsanta inár suirbhé. Ní bhaileoidh na Coimisinéirí Ioncaim an fhaisnéis sin riamh i ríomhphoist ná i suirbhéanna. Níl baint ar bith ag an suirbhé seo le do chúrsaí cánach aonair.
Cuirtear an nasc ar fáil ag lorg aiseolais ó chustaiméirí chun cabhrú linn caighdeán na seirbhíse a fheabhsú. Má bhíonn aon imní ort i dtaca leis an suirbhé, déan teagmháil linn le SPDsurveys@revenue.ie.