Suirbhé Custaiméirí
Tá suirbhé á reáchtáil ag Brainse Staidrimh agus Taighde Eacnamaíochta na gCoimisinéirí Ioncaim ar ghnóthais bheaga agus mheánmhéide. Is é cuspóir an tsuirbhé ná tuairimí lucht gnó a fháil agus cabhrú linn an caighdeán seirbhíse a chuireann muid ar fáil a fheabhsú.
Má roghnaíodh do ghnóthas don suirbhé, gheobhaidh tú ríomhphost ag tabhairt cuireadh duit an suirbhé gearr ar líne a chomhlánú roimh 15 Deireadh Fómhair 2017.
Ní iarrtar eolas airgeadais ná pearsanta uait sa suirbhé seo.
Ní iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim riamh eolas dá leithéid a chur ar fáil i ríomhphoist ná i suirbhéanna.
Tá an suirbhé á oibriú tríd an mbogearra suirbhé Qualtrics. Caithfear le gach freagra go huile is go hiomlán faoi rún agus ní bheidh siad faoi úinéireacht, le feiceáil ag ná á n-úsáid ag Qualtrics ná ag aon tríú páirtí eile.
Is polasaí de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim é gan ríomhphoist a eisiúint le naisc suímh idirlín ann. Tá eisceacht, áfach, tugtha le haghaidh an tsuirbhé seo, chun críocha diana cuireadh a thabhairt aiseolas a fháil ó chustaiméirí chun cabhrú linn an caighdeán seirbhíse a chuireann muid ar fáil a fheabhsú.
Má tá aon imní ort i dtaca leis an suirbhé, déan teagmháil le surveys@revenue.ie.