Uaireanta oscailte na Nollag agus na hAthbhliana
Seachas laethanta saoire poiblí (an 25 agus an 26 Nollaig 2025 agus an 1 Eanáir 2026), cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim gnáthsheirbhísí ar fáil thar thréimhse saoire na Nollag agus na hAthbhliana. Beidh ár n-oifigí poiblí dúnta ón 25 Nollaig 2025 - 1 Eanáir 2026.
Feidhmeoidh na calafoirt agus na haerfoirt (líne chabhrach custam - imréiteach custam agus rialuithe iompórtála nó easpórtála) ar bhonn 24 uair an chloig de ghnáth agus cuirfear gnáthsheirbhís ar fáil (seachas ar an 25 Nollaig) agus beidh seirbhís laghdaithe ar na dátaí agus na hamanna atá leagtha amach thíos. Feidhmeoidh an líne chabhrach ríomh-Chustaim (ceisteanna teicniúla custaim) agus deasc chabhrach ROS mar is gnách, le heisceachtaí áirithe, mar atá leagtha amach sa tábla thíos:
Uaireanta oscailte na Nollag agus na hAthbhliana do líne chabhrach ríomh-Chustaim, calafoirt Chustaim agus aerfort, agus Deasc chabhrach ROS
| Dáta | Líne chabhrach ríomh-Chustaim (ceisteanna teicniúla) | Líne chabhrach Custam (imréiteach custam agus rialuithe iompórtála nó easpórtála) do na calafoirt agus aerfort | Deasc chabhrach ROS |
| Dé Céadaoin 24 Nollaig |
09.00 - 13.00
|
07.00 - 19.00
|
09.00 - 13.00
|
| Déardaoin, 25 Nollaig |
Dúnta
|
Dúnta
|
Dúnta
|
| Dé hAoine, 26 Nollaig |
Dúnta
|
07.00 - 19.00
|
Dúnta
|
| Dé Luain, 29 Nollaig |
09.00 - 14.00
|
24 uair an chloig
|
09.00 - 16.00
|
| Dé Máirt, 30 Nollaig |
09.00 - 14.00
|
24 uair an chloig
|
09.00 - 16.00
|
| Dé Céadaoin, 31 Nollaig |
09.00 - 14.00
|
07.00 - 19.00
|
09.00 - 13.00
|
| Déardaoin, 1 Eanáir |
Dúnta
|
07.00 - 19.00
|
Dúnta
|
| Dé hAoine, 2 Eanáir |
09.00 - 14.00
|
24 uair an chloig
|
09.00 - 17.00
|