Nuashonruithe ar M’Fhiosruithe

Is áis teagmhála shlán ar líne é M’Fhiosruithe ina bhféadann custaiméirí comhfhreagras a sheoladh agus a fháil chuig nó ó na Coimisinéirí Ioncaim.

Tá forbairt ar an gcóras M’Fhiosruithe seolta ag na Coimisinéirí Ioncaim chun ligean do chustaiméirí dul chun cinn a bhfiosrúchán a rianú.

Ligeann an córas rianaithe seo do chustaiméirí, gníomhairí / comhairleoirí agus cáiníocóirí an méid seo a leanas a fheiceáil:

  •  an stádas reatha maidir le fiosrú a bhí tíolactha acu trí M’Fhiosruithe
  • agus
  • an rannóg reatha atá ag déileáil lena fhiosrú.

 Is forbairt dhearfach é seo a ligean do chustaiméirí stádas agus suíomh a bhfhiosruithe a aithint gan teagmháil nua a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Baineann an córas rianaithe le gach mír in M’Fhiosruithe, lena n-áirítear iad siúd atá ar an gcóras cheana féin.

Chomh maith leis an stádas, tugann an córas rianaithe eolas ar an áit a ndéanfar, nó a ndearnadh, an fiosrú a phróiseáil. 

Féadtar tuilleadh eolais a fháil ar an gcóras rianaithe nua in M’Fhiosruithe.