Fógra um Ghníomhaíocht Thionsclaíoch
Tá fógra curtha amach ag Fórsa agus ag Comhlachas na Seirbhíseach Uachtarach Stáit agus Poiblí go bhfuil oibriú de réir rialach ag tosú ar an 30 Meán Fómhair, lena mbeidh baill foirne rannpháirteacha de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim páirteach. Tá na Coimisinéirí Ioncaim fós tiomanta do sheirbhísí a choinneáil ar an gcaighdeán is airde is féidir le linn na tréimhse seo, ach d'fhéadfadh sé go gcuirfí isteach ar sheirbhísí éigin do cháiníocóirí, do ghníomhairí agus do ghnó.
Fanfaidh ár línte fóin oscailte agus leanfaidh ár seirbhísí ar líne ag feidhmiú. Leanfar ar aghaidh le haon chuairteanna nó coinní comhlíontachta mar a bhí sceidealta, sé sin mura gcuirtear a mhalairt in iúl, agus ba chóir do cháiníocóirí agus do ghníomhairí leanúint ar aghaidh ag tíolacadh a dtuairisceáin agus ag íoc dliteanais ghaolmhara mar is gnáth. Leanfaidh ár bpróisis éascaithe trádála ag feidhmiú freisin agus ba chóir do thrádálaithe, nó a n-ionadaithe, leanúint ar aghaidh ag leanúint nósanna imeachta caighdeánacha.