Oifigí Poiblí na gCoimisinéirí Ioncaim

Mar gheall ar an bhfócas treisithe ar chosc a chur ar leathadh COVID19 ­– An Coróinvíreas – tríd an bpobal, mar a d’fhógair an Rialtas ar an 12 Márta 2020, tá gach oifig phoiblí de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, seachas calafoirt, aerfoirt agus stáisiúin éascaithe trádála, dúnta don phobal go dtí go dtugtar fógra eile.

Má theastaíonn uait teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim, féadtar teacht ar na sonraí cuí ar ár leathanach - Eolas d’ar gcustaiméirí maidir leis na hathruithe is gá a dhéanamh dár seirbhísí fóin agus dár seirbhísí eile mar gheall ar na bearta breise srianta i leith COVID-19.