Nuashonrú i leith scáileán logála isteach ROS

Is éard is ROS ann ná tairseach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim chuig seirbhísí ar líne le do chustaiméirí gnó.  Nuashonrófar an scáileán logála isteach ROS ar an 3 Meán Fómhair 2022.  

Rinneadh na scáileáin “Lógáil isteach” agus “Bainistigh Mo Chuid Deimhnithe” a dhearadh le cuma nua chun an próiseas lógála isteach a dhéanamh níos éifeachtaí agus treoir bhreise a chur ar fáil.  Ní dhearnadh aon athruithe d’úsáid na ndeimhnithe digiteacha nó don phróiseas lógala isteach.

Bíonn deacracht ag custaméirí áirithe logáil isteach ar ROS ó am go ham.  Molann muid lógáil isteach ar ROS i bhfad roimh spriocdhátaí tíolactha chun am a thabhairt chun aon deacrachtaí a bhféadfadh tarlúint a réiteach. 

Tá sé tábhachtach sonraí phearsanta dá phróifíl ROS a choinneáil suas chun dáta.  Tá na sonraí seo ag teastáil chun deacrachtaí le lógáil isteach ar ROS a réiteach go tapa, go háirithe:

  • freagraí do na ceisteanna slándála dá cuntas ROS    
  • seoladh ríomhphoist
  • seoladh poist

Tá treoracha céim ar chéim ar fáil san áis Cabhair ROS ar líne.