Launch of a Sign Language Interpreting service to Revenue’s deaf customers

Is mian leis na gCoimisinéirí Ioncaim a chur in iúl go bhféadann daoine den phobal bodhar rochtain a fháil ar ár seirbhísí trí IRIS (Cianseirbhísí Ateangaireachta na hÉireann). Tá an tseirbhís seo saor do gach custaiméir bodhar. 

Cuirfidh an tSeirbhís Ateangaireachta Teanga Comharthaíochta, an tSeirbhís náisiúnta do theanga comharthaíochta an tseirbhís ar fáil. Beidh daoine bodhra in ann cumarsáid a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim ina dteanga féin (Teanga Chomharthaíochta na hÉireann) le hAteangaire Teanga Comharthaíochta na hÉireann ar an scáileán. 

Ar dtús, oibreoidh an tseirbhís seo ar bhonn trialach i Lár-Oifig Faisnéise na gCoimisinéirí Ioncaim, Sráid na hArdeaglaise, le hais Shráid Uí Chonaill. Táthar ag súil go leathnófar an tseirbhís chuig na hoifigí poiblí uile de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim go luath.  

Tagann soláthar na seirbhíse seo lenár dtiomantas chun ár seirbhísí a dhéanamh inrochtana dár gcustaiméirí uile. 

Chun coinne leis na Coimisinéirí Ioncaim a chur in áirithe le haghaidh na seirbhíse seo, seol ríomhphost chuig crioirishsignlanguage@revenue.ie.

Chun coinne Cianseirbhísí Ateangaireachta na hÉireann a chur in áirithe tríd an tSeirbhís Ateangaireachta Teanga Comharthaíochta:

Féadtar breathnú ar fhíseán Teanga Chomharthaíochta na hÉireann faoin tseirbhís seo ar an gcainéal YouTube.com/RevenueIreland.