Rabhadh: SMS (téacsteachtaireacht) is déanaí

Thug na Coimisinéirí Ioncaim faoi deara an tseachtain seo SMS (téacsteachtaireachtí) chalaoiseacha eile a mhaíonn go bhfuil siad ó na Coimisinéirí Ioncaim agus ag lorg faisnéise pearsanta ó cháiníocóirí maidir le haisíocaíocht chánach nó ag lorg shonraí cárta chreidmheasa/ dhochair.

Níor eisigh na Coimisinéirí Ioncaim na téacsteachtaireachtí seo.

Ní sheolann na Coimisinéirí Ioncaim ríomhphoist nó téacsteachtaireacht chugat riamh a éilíonn ar chustaiméirí eolas pearsanta a sheoladh trí ríomhphost nó trí mhíreanna aníos.

Ba chóir do dhuine ar bith a fhaigheann ríomhphost nó téacsteachtaireacht ó na Coimisinéirí Ioncaim a gceapann gur calaoiseach nó camscéim é, é a scriosadh. Ba chóir do dhuine atá ag feitheamh le haisíocaíocht chánach, teagmháil a dhéanamh lena Oifig Cánach áitiúil chun an stádas a fhiosrú.

Má thug tú faisnéis phearsanta mar fhreagra ar na ríomhphoist nó téacsteachtaireachtí chalaoiseacha seo, is gá duit teagmháil le do bhanc nó do chuideachta cárta creidmheasa a dhéanamh gan mhoill.

Féach ar ár rabhadh slándála chun tuilleadh eolais a fháil.