Suirbhé na gCoimisinéirí Ioncaim ar dhaoine inmhuirir
Tá suirbhé á reáchtáil ag Aonad Taighde Eacnamaíochta na gCoimisinéirí Ioncaim ar chustaiméirí a thíolacann tuairisceán Cánach Ioncaim Foirm 11. Is é cuspóir ár suirbhé ná chun tuiscint níos fearr a fháil ar na saincheisteanna atá ag cáiníocóirí agus cabhrú linn caighdeán na seirbhíse a chuirimid ar fáil duit a fheabhsú.
Má roghnaíodh thú le haghaidh an tsuirbhé, gheobhaidh tú ríomhphost ag iarraidh ort ár suirbhé gearr ar líne a dhéanamh faoin 23 Meitheamh 2026.
Ní iarrtar faisnéis airgeadais ná pearsanta inár suirbhé.
Ní iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim riamh a leithéid d’fhaisnéis a thabhairt i ríomhphoist ná i suirbhé.
Ag déileáil le do chúrsaí cánach, ní eisíonn na Coimisinéirí Ioncaim ríomhphoist le naisc suímh idirlín iontu. Níl baint ar bith ag an suirbhé seo le do ghnóthaí cánach aonair agus tá an nasc curtha ar fáil chun aiseolas ó chustaiméirí a lorg chun cabhrú linn caighdeán na seirbhíse a chuirimid ar fáil a fheabhsú.
Má bhíonn aon imní ort i dtaca leis an suirbhé, déan teagmháil linn le surveys@revenue.ie.