Teagmhas Ag Tabhairt Aire do Ghnó

Tá na Coimisinéirí Ioncaim ag glacadh páirte i dteagmhas ionaid ilfhreastail saor eile do Ghnóthais Bheaga agus Mheánmhéide, 'Ag Tabhairt Aire do Ghnó'. Beidh an teagmhas ar siúl Dé Máirt, 25 Meán Fómhair san Óstán Radisson Blu, Bóthar na hInse, Luimneach.

Tá an teagmhas seo deartha go sonrach chun cúnamh a thabhairt dóibh siúd:

  •  a bhfuil úinéireacht nó bainistíocht acu ar ghnóthas beag
  •  atá ag smaoineamh ar ghnóthas nua a thosú.

   Taking-care-of-business logo             

Tabharfaidh raon d’oifigí agus de ghníomhaireachtaí Stáit léirithe gearra agus freagróidh siad ceisteanna ar na príomh rialacháin agus an chabhair atá ar fáil do do ghnó. Beidh seastáin eolais ar oscailt i gcaitheamh an lae, a ligfidh duit labhairt go neamhfhoirmiúil le baill foirne ó gach ceann de na cuideachtaí atá i láthair.

Is tionscnamh é an teagmhas de chuid na Roinne Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta. Chun níos mó eolais a fháil agus le clárú, tabhair cuairt ar http://www.takingcareofbusiness.ie/.  Tá freastal saor in aisce ach moltar luatháirithint go láidir mar tá líonta teoranta.