Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá COVID-19

D’fhógair an Rialtas inniu go mbunófar Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá mar fhreagra ar thionchar geilleagrach na paindéime COVID-19. Beidh an Scéim seo á hoibriú ag na Coimisinéirí Ioncaim agus cuireann sé ar chumas fostaithe, a bhfuil tionchar ag an bpaindéim ar a bhfostóirí, tacaíochtaí suntasacha a fháil go díreach óna bhfostóirí. Táthar ag súil leis go mbeidh an scéim i bhfeidhm ar feadh 12 sheachtain ó 26 Márta 2020.

Tá an Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá ag teacht in áit na Scéime Aisíocaíochta COVID-19 d’Fhostóirí a bhí ann roimhe agus foráiltear inti do mhéadú suntasach ar an €203 a bhí ar fáil i leith gach íocaíocht d’fhostaí.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar an leathanach Eolas agus comhairle na gCoimisinéirí Ioncaim do cháiníocóirí agus do ghníomhairí maidir le COVID-19.