Rabhadh: Glaonna gutháin bréagacha

Tá na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas faoi roinnt daoine a fuair glaonna fóin ó dhuine ag ligean orthu go bhfuil siad ag obair sna Coimisinéirí Ioncaim agus faisnéis phearsanta á lorg acu. Féadfaidh na glaonna seo a bheith éagsúil. Mar shampla is féidir leis an nglaoiteoir do chuid faisnéise pearsanta nó sonraí bainc a iarraidh agus rud éigin mar na samplaí seo a leanas a rá: 

  • go bhfuil aisíocaíocht chánach dlite duit
  • gur gá duit bille cánach a íoc láithreach, uaireanta chun cás coiriúil i do choinne a sheachaint
  • go bhfuil sonraí do chárta creidmheasa/dochair nó cuntas bainc uathu ar chúiseanna éagsúla.

Níl an duine seo ag glaoch ó na Coimisinéirí Ioncaim. Ní iarrann na Coimisinéirí Ioncaim riamh ar chustaiméirí faisnéis phearsanta a thabhairt ar an bhfón nó trí theachtaireachtaí téacs.

Má fhaigheann tú glaoch fóin ó dhuine atá ag rá go bhfuil siad ag obair leis na Coimisinéirí Ioncaim agus amhras ort faoi, go háirithe mura raibh tú ag súil le glaoch, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le d’ oifig áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Má dhéantar teagmháil leat agus duine ag éileamh ort cáin a íoc agus amhras ort faoi, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Rannóg an Ard-Bhailitheora trínár seirbhís slán ar líne M’Fhiosruithe.

Má thug tú faisnéis phearsanta mar fhreagra ar na cineálacha seo glaonna calaoiseacha, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le do bhanc nó le comhlacht do chárta creidmheasa láithreach.

Tabhair do d’aire nach bhfuil córais ná slándáil na gCoimisinéirí Ioncaim i gceist ar bhealach ar bith leis na cineálacha camscéimeanna seo.