Fáilte chuig ár suíomh idirlín nua
An sprioc atá againn ná an fhoinse is fearr eolais a sholáthar dár gcustaiméirí. Tá na croí-ghnéithe seo a leanas ag baint leis an suíomh nua:
- eolas atá éasca a fháil, a léamh agus a thuiscint
- leagan amach trínar féidir an suíomh a fheiceáil i gceart ar aon ghléas, idir fhón póca agus ríomhaire deisce.
Tá muid ag iarraidh an t-eolas a theastaíonn uait chun do chuid oibleagáidí cánach agus dleachta a chomhlíonadh a sholáthar ar an mbealach is soiléire agus is simplí. Chun é seo a dhéanamh, chuaigh muid i gcomhairle fócasghrúpaí lenár gcustaiméirí, lenár bhfoireann, le cleachtóirí cánach agus le comhlachtaí ionadaíochta. Chuir muid san áireamh freisin taighde a rinneadh le déanaí ar an gcaoi a lorgaíonn agus a n-úsáideann daoine ábhar ar líne.
Tá athrú ó bhonn déanta againn ar an gcaoi a gcuireann muid eolas i láthair chun cabhrú leat:
- súil sciobtha a chaitheamh ar an ábhar
- teacht ar eolas breise nó gaolmhar, má theastaíonn sé uait
- teacht ar sheirbhísí ábhartha ar líne.
Tá teanga shimplí shoiléir á húsáid againn ar fud an tsuímh agus tá laghdú déanta againn ar théarmaí teicniúla iomarcacha a úsáid. Tá úsáid bainte againn freisin as an-chuid samplaí.
Tá gealltanas tugtha againn ár leathanaigh uile ghréasáin a chur ar fáil i nGaeilge. Cé go bhfuil roinnt rannán Gaeilge fós i mbun forbartha, beidh siad ar fáil i nGaeilge faoi dheireadh na bliana.
Tá sé i gceist againn leanúint le caighdeán an eolais ar ár suíomh idirlín nua a fheabhsú i gcónaí. Féadfaidh tú cabhrú linn trí do thuairimí a chur in iúl dúinn. Trí áis nua aiseolais atá ar fáil ag bun gach leathanaigh ar an suíomh idirlín, tugtar deis duit do chuid tuairimí agus moltaí a roinnt linn ach cnaipe a chliceáil.