Cuir isteach ar dheontas breosla le haghaidh tiománaí, paisinéir nó duine muinteartha faoi mhíchumas

Leis an tseirbhís ar líne le haghaidh faoiseamh cánach ar fheithiclí oiriúnaithe, féadann rannpháirtithe sa scéim ‘Tiománaithe agus Paisinéirí faoi Mhíchumas’ éileamh a dhéanamh ar dheontas bliantúil breosla. Más ball den scéim thú, féadtar suas le 2,730 lítear breosla a éileamh in aghaidh na bliana.

Féadtar cur isteach ar an deontas má tá d’fheithicil nua, ina feithicil athláimhe, nó iompórtáilte (gan a bheith cláraithe roimhe seo in Éirinn). 

Ní mór don fheithicil a bheith ceadaithe ar an scéim ar feadh tréimhse 12 mhí roimh an Deontas Breosla a éileamh. 

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Chun an tseirbhís seo a úsáid, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Má tá tú cláraithe le haghaidh moChúrsaí, sínigh isteach, oscail an cárta ‘Seirbhísí Feithicle’ agus cliceáil ar ‘Tiománaithe & Paisinéirí faoi Mhíchumas’.

Má tá tú cláraithe le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), sínigh isteach, oscail an cluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’, téigh síos chuig an rannán ‘Seirbhísí Eile’ agus cliceáil ar ‘Tiománaithe agus Paisinéirí faoi Mhíchumas’.