Iarratais ar an Dreasacht um Athchóiriú Tí (DAT) a fheiceáil agus é a éileamh – úinéirí áite cónaithe

Leis an tseirbhís úinéara tí DAT, féadtar creidmheasanna cánach faoin DAT a fheiceáil agus a éileamh i leith oibreacha áirithe a dhéantar ar do Phríomháit Chónaithe Phríobháideach (PCP).

Más tiarna talún thú, féadtar creidmheasanna cánach DAT a éileamh i leith do mhaoine cíosa. Chun é seo a dhéanamh, ní mór duit do Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) a bheith íoctha agat.

Cé dó an tseirbhís seo?

Tá an tseirbhís seo oiriúnach duit má tá tú i do cháiníocóir Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) nó i do cháiníocóir féinmheasúnaithe. Ní mór duit do chuid dualgas CMÁ a bheith comhlíonta agat.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Chun an tseirbhís a úsáid, is gá na sonraí seo a leanas a bheith agat:

  • na hoibreacha atá críochnaithe
  • na hoibreacha ar mian leat éileamh a dhéanamh ina leith
  • aon deontais agus cúiteamh a fhaightear i ndáil leis na hoibreacha seo.

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís DAT d’úinéirí áite cónaithe

Féadtar teacht ar an tseirbhís trí moChúrsaí, ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Sínigh isteach ar moChúrsaí
  • Ar an gcárta ‘Seirbhísí Maoine’, cliceáil ar ‘Dreasacht Athchóirithe Tí (DAT)’
  • Cliceáil ar an gcluaisín ‘Éilimh’ chun do chreidmheas cánach a éileamh tar éis dheireadh na bliana a bhfuil íocaíocht déanta i leith oibre.

Tabhair do d’aire

Ní bheidh an cluaisín don Dreasacht Athchóirithe Tí le feiceáil ach amháin má tá tú cláraithe le haghaidh CMÁ.

Féadtar teacht ar an tseirbhís trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Sínigh isteach ar ROS
  • Faoin rannán ‘Seirbhísí Eile’, téigh chuig an gcluaisín ‘Dreasacht Athchóirithe Tí (Úinéir tí)’
  • Cliceáil ar an gcluaisín ‘Éilimh’ chun do chreidmheas cánach a éileamh tar éis dheireadh na bliana a bhfuil íocaíocht déanta i leith oibre.

Tabhair do d’aire

Ní bheidh an cluaisín don Dreasacht Athchóirithe Tí le feiceáil ach amháin má tá tú cláraithe le haghaidh CMÁ.