Teacht ar an áireamhán cánach don Cháin Cláraithe Feithiclí (CCF)

Leis an tseirbhís cuardaigh teachtaí, féadann trádálaithe custam agus máil faisnéis teachta eitiltí agus bád a choinnítear ar ár dtaifead a chuardach. 

An méid a theastaíonn chun teacht ar an tseirbhís

Chun teacht ar an tseirbhís seo, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • do shonraí logála isteach le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), chomh maith le deimhniú digiteach bailí le haghaidh ROS.
  • clárúchán bailí le haghaidh custam agus máil in ROS.

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís ar líne cuardaigh teachtaí

Féadtar teacht ar an tseirbhís trí ROS, ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Logáil isteach ar ROS le do shonraí logála agus deimhniú digiteach
  • Faoin gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’, oscail an rannán ‘Tuairisceán a Thíolacadh’
  • Roghnaigh an cineál cánach ‘C&M’
  • Cliceáil ar ‘Tíolaic Tuairisceán’
  • Ar an scáileán ‘Cuardaigh Teachtaí’, cuir isteach sonraí na dteachtaí.

Féadtar an cuardach a bheachtú trí thuilleadh sonraí a chur isteach sa réimse ‘Aitheantas an Mhodha Iompair’, amhail: 

  • uimhir na heitilte (i gcás aeriompair)
  • an uimhir leis an Eagraíocht Muirí Idirnáisiúnta (IMO) (i gcás iompair muirí)

Léireofar torthaí ó na critéir chuardaigh duit má tá siad ar an gcóras.

Tabhair do d’aire: Ach amháin má thugtar údarú follasach, ní mór nach n-úsáidfeadh úsáideoirí an fheidhm ‘Cuir Ceann Nua Isteach’. Déantar monatóireacht rialta air seo chun mí-úsáid a chosc.