Cuir isteach ar lacáiste díosail

Leis an tseirbhís lacáiste díosail, féadtar iarratas a dhéanamh ar líne ar lacáiste díosail faoin Scéim Lacáiste Díosail (SLD)

Cé dó atá an tseirbhís lacáiste díosail?

Tá an tseirbhís seo ann do tharlóirí ceadúnaithe bóthair agus oibreoirí iompair do phaisinéirí in Éirinn agus i mBallstáit eile den Aontas Eorpach (AE).

Céard a theastaíonn chun cur isteach ar lacáiste díosail

Chun iarratas a dhéanamh ar lacáiste díosail, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • d’uimhir ceadúnais oibreora iompair
  • uimhir Deimhnithe Inniúlachta Gairmiúla do bhainisteora iompair
  • do Dheimhniú Imréitigh Cánach (Éire), nó ráiteas ón údarás cánach i do Bhallstát féin AE le rá go bhfuil tú comhlíontach ó thaobh cánach de.

I gcás gach feithicle i d’iarratas, teastóidh an méid seo a leanas:

  • uimhir cláraithe na feithicle
  • na léamha odaiméadair ag deireadh na tréimhse aisíocaíochta
  • an chainníocht díosail a ceannaíodh don fheithicil aonair sin leis an gcárta breosla
  • an chainníocht díosail a ceannaíodh don fheithicil aonair sin le soláthar bulc.

I gcás gach cárta breosla, teastóidh an méid seo a leanas:

  • uimhir an chárta breosla
  • toirt iomlán an díosail mótair a ceannaíodh in Éirinn
  • toirt iomlán an díosail mótair a bhfuil éileamh á dhéanamh ina leith.

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís lacáiste díosail

Ní mór duit a bheith cláraithe le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) chun teacht ar an tseirbhís. Nuair a bheidh tú cláraithe:

  • ar phríomh-roghchlár ROS, cliceáil ar an gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’
  • cliceáil ar an rannán ‘Tíolaic tuairisceán’

roghnaigh cineál an tuairisceáin ‘Lacáiste Díosail’ agus ‘Éileamh Lacáiste Díosail’.