Seirbhís in-íoslódáilte um dhearbhú custam

Leis an tseirbhís íoslódála dearbhuithe custam, féadann dearbhóirí nó trádálaithe cláraithe iarratas a dhéanamh a ndearbhuithe próiseáilte custam a fheiceáil don mhí roimhe. 

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Chun teacht ar an tseirbhís seo, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • do shonraí logála isteach le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), chomh maith le deimhniú digiteach bailí le haghaidh ROS.
  • clárúchán do chineál cánach na gcustam agus máil ar ROS.

Cén chaoi le teacht ar an tSeirbhís

Féadtar teacht ar an tseirbhís trí ROS ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Logáil isteach ar ROS le deimhniú digiteach bailí ROS.
  • Oscail an cluaisín ‘Taifead Cánach’.
  • Faoi ‘Seirbhísí Eolais’ cliceáil ar ‘Iarr Ráiteas Cuntais’.