Fiosrú ar stádas dearbhaithe

Féadtar stádas reatha dearbhú easpórtála nó iompórtála custam a dtíolactar in Éirinn a sheiceáil tríd an gcnaipe cuardaithe MUT a chliceáil agus an Máistir-Uimhir Thagartha a chur isteach sa réimse cuardaithe a gcuirtear ar fáil. Cuirfear na sonraí seo ar fáil duit tar éis do dhearbhú a thionscain.

Tabhair do d’aire an méid seo a leanas maidir leis an tseirbhís seo:

  • is chun críocha éascaithe trádála é agus níl na Coimisinéirí Ioncaim faoi cheangal na torthaí a léirítear
  • tá sé deartha le stádas do dhearbhú a thabhairt duit ag an am a dhéantar rochtain ar an tseirbhís seo agus d’fhéadfadh eachtraí nó gníomhaíochtaí ina dhiaidh sin teacht ina n-ionad
  • léiríonn sé stádas na míreanna earraí uile ar dhearbhú amháin
  • agus
  • ní chlúdaíonn sé Dearbhú Idirthurais nó Iontrála Achomair.