Dearbhú um Iontráil Dleachta Máil (EDE) a thíolacadh

Leis an tseirbhís dearbhaithe EDE, féadann trádálaithe máil dearbhuithe EDE a chomhlánú go leictreonach. Baintear úsáid as dearbhú EDE chun Dleacht Mháil a dhearbhú agus a íoc i leith tairgí inmháil a fháil ó Bhallstáit eile AE.

Cé dó an tseirbhís seo?

Tá an tseirbhís seo ann le haghaidh custaiméirí atá cláraithe le haghaidh custam agus máil agus a fhaigheann earraí inmháil lena n-iontráil i leith tomhailte baile in Éirinn. 

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Chun an tseirbhís a úsáid, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • ainm agus seoladh an tsoláthraí
  • uimhir an iompórtálaí leis na Coimisinéirí Ioncaim
  • ainm agus seoladh an iompórtálaí
  • uimhir an Trádálaí Cláraithe Máil Éireannaigh (IERT)
  • uimhir áitiúil
  • uimhir an dearbhóra leis na Coimisinéirí Ioncaim
  • ainm agus seoladh an dearbhóra
  • cód na tíre seolta
  • dáta an tseolta
  • cód na hoifige iontrála
  • cód na hoifige de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim
  • uimhir an íocóra leis na Coimisinéirí Ioncaim
  • uimhir an doiciméid riaracháin leictreonaigh (e-AD)
  • uimhir tagartha máil.

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Féadtar teacht ar an tseirbhís trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Oscail an cluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’.
  • Sa rannán ‘Tuairisceán a Thíolacadh’, cliceáil ar ‘Comhlánaigh Foirm ar Líne’ agus ansin roghnaigh ‘C&M’.
  • Roghnaigh an cineál an tuairisceáin, is é sin ‘EDE’.
  • Cliceáil ar an gcnaipe ‘Tíolaic Tuairisceán’ chun an feidhmchlár ar líne EDE a oscailt. 

Féadtar teacht ar an tseirbhís chomh mar chustaiméir Ionchuir Dírigh Trádálaí (DTI) le do chuid bogearraí féin. Más ea, féadtar an EDE a sheoladh chugainn trí sheirbhís gréasáin.