Do shonraí pearsanta a athrú

Do shonraí bainc a thabhairt cothrom le dáta

Má tá tú tar éis do sholáthraí bainc a athrú le déanaí, féadfaidh sé go mbeidh ort do shonraí cuntais bainc a thabhairt cothrom le dáta le haghaidh íocaíochtaí cánach, aisíocaíochtaí cánach nó Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ). Féadtar é seo a dhéanamh le moChúrsaí nó le Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) nó le CMÁ ar Líne.

Chun do shonraí cuntais bainc a thabhairt cothrom le dáta, beidh na nithe seo a leanas ag teastáil uait:

  • ainm agus seoladh an institiúide airgeadais a bhfuil do chuntas nua á choinneáil ann
  • ainm shealbhóir nó ainmneacha sealbhóirí an chuntais nua
  • Uimhir Idirnáisiúnta Cuntais Bainc (IBAN)
  • agus
  • Cód Aitheantais Bainc (BIC).

Is féidir teacht ar d’ Uimhir Idirnáisiúnta Cuntais Bainc (IBAN) agus ar do Chód Aitheantais Bainc (BIC) ar do ráiteas cuntais bainc nó ar do sheirbhís bhaincéireachta ar líne.

Má tá Socrú Tráthíocaíochtaí (PPA) gníomhach agat, ní mór duit na sonraí bainc laistigh den PPA a athrú freisin. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach PPA comhdhlúite agus leasuithe.

moChúrsaí

Chun do chuntas bainc a úsáidtear le haghaidh aisíocaíochtaí cánach ÍMAT i moChúrsaí a thabhairt cothrom le dáta:

  • Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  • Roghnaigh ‘Mo Phróifíl’.
  • Roghnaigh ‘Mo Shonraí’. Beidh do shonraí cuntais bainc reatha le feiceáil.
  • Cliceáil ar ‘Cuir in Eagar’ chun na sonraí seo a leasú.

Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)

Chun do shonraí bainc a thabhairt cothrom le dáta ar ROS:

  • Sínigh isteach ar ROS.
  • Ar an leathanach ‘Mo Sheirbhísí Féin’ clicéail ar ‘Bainistigh Cuntais Bhainc’.
  • Lean na céimeanna a thugtar chun do shonraí cuntais bainc a thabhairt cothrom le dáta.

Tabharfaidh sé seo do shonraí cuntais bainc cothrom le dáta le haghaidh Treoracha Dochair ROS, Treoracha Dochair Dhírigh (seasta agus athraitheacha) agus aisíocaíochtaí.

Féadtar sonraí bainc a nuashonrú le haghaidh níos mó ná ceannteideal cánach amháin:

  • ag an am céanna
  • agus
  • trí rogha a dhéanamh na sonraí bainc céanna a úsáid chun aisíocaíochtaí a fháil.

Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ)

Féadtar do shonraí cuntais bainc a thabhairt cothrom le dáta, d’íocaíochtaí a bhainistiú nó do mhodh íocaíochta a athrú tríd an gcóras CMÁ ar líne. Is é an bealach is éasca chun do mhuirear CMÁ a íoc ná ar líne. Is féidir roghnú ó réimse leathan roghanna íocaíochta slán. Beidh Aitheantas Maoine, Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) agus UAP ag teastáil uait chun rochtain a fháil ar do chuntas ar an Seirbhís ar Líne CMÁ. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar Do shonraí bainc a athrú le haghaidh CMÁ.

Eolas úsáideach

Tá treoir sna naisc seo a leanas maidir le conas cuntais bhainc a bhogadh, lena n-áirítear uirlis chun comparáid a dhéanamh idir na cuntais éagsúla atá ar fáil:

Seoladh a athrú

Más gá duit do sheoladh a thabhairt cothrom le dáta, féadtar é seo a dhéanamh le moChúrsaí ach an méid seo a dhéanamh:

  • Síniú isteach ar moChúrsaí.
  • Cliceáil ar ‘Mo Phróifíl’ agus ansin ‘Mo shonraí’.
  • ‘Cuir in Eagar’ a roghnú faoin rannán ‘Sonraí teagmhála’.

Athruithe d’eolas pearsanta

Tá an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) freagrach as an Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) a bhainistiú do gach duine aonair. Áirítear leis seo athruithe ainm agus aitheantas inscne. Le haghaidh tuilleadh eolais air seo, féach ar shuíomh idirlín an RCS faoi:

Ní leasóidh na Coimisinéirí Ioncaim do thaifead cánach ach amháin maidir le d’ainm nó d’inscne nuair atá taifid UPSP an RCS tugtha suas chun dáta.

Fan slán agus sábháilte ar líne

Ní chuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim ríomhphoist ná téacsanna chugat riamh ina n-éilítear sonraí pearsanta tríd an ríomhphost nó trí fhuinneoga aníos.

Le do phasfhocal don ROS agus MoChúrsaí, féadann tú rochtain a fháil ar do chuid taifid. Le do thoil, coinnigh do chuid sonraí chun síniú isteach mar aon le do phasfhocal faoi rún, agus ná hinis d’aon duine eile iad.