Cén chaoi le stádas imréitigh cánach a fhíorú

Féadtar Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) nó Líonra an Rialtais a úsáid chun fíorú go bhfuil Deimhniú Imréitigh Cánach ag cáiníocóir.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Féadtar cás aonair nó liosta cásanna a fhíorú in uaslódáil builc. Ba chóir an rogha uaslódála builc a úsáid má bhíonn ort roinnt cásanna a fhíorú ar bhonn rialta. Is é an fhormáid comhad le haghaidh uaslódáil builc ná comhad .csv.

Braitheann an struchtúr comhaid Electronic Tax Clearance Verification ar dhá réimse ar leith:

  • Uimhir Tagartha Cánach.
  • Uimhir Rochtana Imréitigh Cánach.

Stádas imréitigh cánach a fhíorú

Má tá tú cláraithe le haghaidh (ROS), féadtar teacht ar an tseirbhís ach an cluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’ a oscailt agus ansin ‘Fíoraigh Imréiteach Cánach’.

I gcásanna aonair: 

  • cuir isteach an Uimhir Tagartha Cánach agus Uimhir Rochtana Imréitigh an cháis
  • cliceáil ar ‘Cuir leis’
  • roghnaigh ‘Fíoraigh’.  

I gcásanna builc:

  • cliceáil ar ‘Uaslódáil’
  • roghnaigh ‘Fíoraigh’.

Féadtar imréiteach cánach a fhíorú le seirbhís gréasáin i Líonraí an Rialtais. Féadann Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí an File Specification seo a úsáid don tseirbhís gréasáin. Léirítear an an chaoi le próiseas fíorúcháin uathoibrithe a chruthú a cheanglaíonn go díreach lena gcórais íocaíochtaí féin faoi seach.