Do dheimhniú digiteach ROS a bhainistiú nó a athnuachan
Tá deimhniú digiteach ag teastáil uait chun teacht ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Gheobhaidh tú deimhniú digiteach nuair a chomhlánaíonn tú an próiseas clárúcháin trí chéim le haghaidh ROS.
Cé dó atá an deimhniú digiteach ROS?
Teastaíonn an deimhniú digiteach ROS ó dhaoine aonair, comhlachtaí agus eintitis eile chun teacht ar sheirbhísí ar líne le haghaidh cánacha gnó. Teastaíonn sé ó ghníomhairí chomh maith chun teacht ar sheirbhísí ar líne dá gcliaint.
Cén chaoi le deimhnithe digiteacha ROS a bhainistiú nó a athnuachan
Is gá duit do dheimhniú digiteach ROS a athnuachan ó am go ham ar chúiseanna slándála. Seolfaidh muid ríomhphost meabhrúcháin chugat nuair atá sé in am do dheimhniú a athnuachan.
Féadfaidh tú a sheiceái go bhfuil do sheoladh ríomhphoist in ROS cothrom le dáta sa chluaisín ‘Próifíl’ ar ROS.
Nuair atá do dheimhniú digiteach dlite le hathnuachan, gheobhaidh tú meabhrúchán nuair a logálann tú isteach ar ROS. Meabhrófar duit do phasfhocal a athrú agus beidh ar Riarthóirí ROS ceisteanna slándála a shocrú mura bhfuil siad socraithe cheana féin.
Bí cinnte cúltaca a dhéanamh de do dheimhniú digiteach agus é a shábháil nuair a fhaigheann tú deimhniú nua nó nuair a dhéantar do dheimhniú a athnuachan.
Mura ndéanann tú an deimhniú a athnuachan, rachaidh sé in éag. Leis an rogha Athshocraigh Sonraí Logála Isteach, féadann Riarthóirí ROS deimhniú nua ROS a íoslódáil sa chás go gcailltear an deimhniú ROS, má théann sé in éag, nó má dhéantar dearmad den phasfhocal.
Féadtar tuilleadh eolais a fháil san Ionad Cabhrach ROS.