Bainistigh do chuntais bhainc le haghaidh aisíocaíochtaí

Leis an tseirbhís bainistithe cuntais bainc aisíocaíochta, féadtar cuntas bainc a ainmniú ina bhféadann na Coimisinéirí Ioncaim aisíocaíochtaí a dhéanamh leat. 

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid:

Chun an tseirbhís a úsáid, is gá duit:

  • a bheith cláraithe le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)
  • agus
  • Uimhir Idirnáisiúnta Cuntais Bainc (IBAN) (agus Cód Aitheantais Bainc (BIC) nuair atá ceann ann) do chuntais bainc a bheith agat. Ní mór do do chuntas a bheith comhlíontach le riachtanais an Limistéir Aonair d’Íocaíochtaí Euro (SEPA)[1].

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Féadtar teacht ar an tseirbhís seo trí ROS ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Cliceáil ar an gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’ ón bpríomh-roghchlár ROS.
  • Ón rannán ‘Íocaíochtaí & Aisíocaíochtaí’, roghnaigh ‘Bainistigh Cuntais Bhainc’.
  • Ón rannán ‘Aisíocaíochtaí’, roghnaigh ‘Ríomhaistriú airgid a riar’.
  • Cliceáil ar ‘Cuir isteach’ don chineál cánach ar mian leat cuntas bainc a ainmniú ina leith.
  • De rogha air sin, cliceáil ar ‘Leasaigh’ don chineál cánach ar mian leat cuntas bainc nua a ainmniú ina leith.

[1]  Cinntigh go bhfuil do chuntas bainc ainmnithe le hinstitiúid baincéireachta atá laistigh den limistéar SEPA.