Bainistigh do chlárúcháin chánach

Leis an tseirbhís clárúcháin canach, féadtar bainistiú a dhéanamh ar an bpróiseas chun clárú le haghaidh cánacha ar líne. Ní mór duit a bheith cláraithe le haghaidh moChúrsaíSeirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) chun úsáid a bhaint as an tseirbhís seo.

Cé dó atá moChúrsaí?

Féadtar clárú le haghaidh moChúrsaí más rud é:

  • cáiníocóir Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT)
  • cáiníocóir Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ)
  • custaiméir gnó, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil deimhniú digiteach gníomhach acu le haghaidh ROS
  • gur cáiníocóir nua thú. 

Le moChúrsaí, féadtar an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • do thaifead cánach a bhainistiú
  • deireadh a chur le clárúcháin chánach na Cánach Fáltas Caipitiúil (CFC) nó an Tobhaigh ar Tháirgí Coincréite Lochtacha (TTLC) do ghnó reatha
  • agus
  • athchlárú le haghaidh CFC nó TTLC. 

Cé dó atá ROS?

Tá ROS ann do ghnóthaí agus do dhaoine aonair atá cláraithe le haghaidh cánacha a bhaineann le gnó. I measc na gcánacha a bhaineann le gnó tá:

  • Cáin Ioncaim
  • Cáin Bhreisluacha (CBL)
  • Cáin Conarthaí Iomchuí (CCI) 
  • agus
  • ÍMAT Fostóra .

Tá ROS ann freisin do ghníomhairí cánach, aturnaetha agus leachtaitheoirí a úsáideann Uimhreacha Aitheantais Comhairleora Cánach (TAIN). 

Féadtar ROS a úsáid chun clárú le haghaidh na cánacha seo a leanas:

  • Cáin Ioncaim
  • CFC
  • Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC)
  • Cáin Bhreisluacha (CBL)
  • ÍMAT Fostóra nó Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) Fostóra
  • CCI
  • Tobhach Comhshaoil
  • ÍMAT
  • An Scéim Lacáiste Díosail (SLD)
  • TTLC
  • Custaim & Mál (C&M)
  • agus
  • Cáin Ola Mianra (COM).  

Ina theannta sin, féadtar ROS a úsáid le haghaidh:

  • clárúcháin chánach a chealú le haghaidh gnó reatha
  • athchlárú le haghaidh cánach
  • comhpháirtíocht nó iontaobhas a chlárú
  • clárú mar Sholáthraí Deochanna Siúcra-Mhilsithe (SDSM) nó mar Easpórtálaí Deochanna Siúcra-Mhilsithe (EDSM)
  • agus
  • gníomhaire a ainmniú do cheann de do chlárúcháin chánach (Is do chustaiméirí ROS amháin é seo). 

Custaiméirí nach bhféadann an tseirbhís a úsáid

Ba chóir d’iarratasóirí in aon cheann de na catagóirí nó cúinsí seo a leanas leanúint d’iarratais pháipéir a thíolacadh dá n-oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim:

  • Custaiméirí nach bhfuil incháilithe faoi láthair clárú le haghaidh moChúrsaí.
  • Céilí neamh-inmheasúnaithe.
  • Cuideachtaí nach bhfuil stiúrthóirí atá cónaitheach in Éirinn acu.
  • Comhlachtaí neamhchorpraithe nó eagraíochtaí neamhbhrabúis (scoileanna, boird bhainistíochta nó carthanais, mar shampla), nach ndéanann gníomhaire ionadaíocht dóibh.
  • Seiceadóirí.
  • Gníomhairí bailiúcháin.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Chun an tseirbhís a úsáid, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • do chuid sonraí clárúcháin le haghaidh moChúrsaí nó ROS
  • an cineál cánach is mian leat a chlárú, a scor nó a athchlárú
  • agus
  • an dáta is mian leat é a chlárú, a scor nó a athchlárú.  

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Tá an tseirbhís ar fáil trí moChúrsaí, ach an cárta ‘Bainistigh Mo Thaifead’ a oscailt agus cliceáil ar ‘Clárúcháin Chánach’.

Tá an tseirbhís seo ar fáil trí ROS, ach an cluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’ a oscailt agus ‘Bainistigh Clárúcháin Chánach’ a chliceáil.