M’Fhiosruithe

Is áis shlán ar líne é M’Fhiosruithe ina bhféadtar comhfhreagras chuig nó ó na Coimisinéirí Ioncaim a sheoladh, a fháil agus a rianú.

Do chomhfhreagras a rianú

Féadfaidh tú dul chun cinn d’fhiosraithe a sheiceáil ach féachaint ar an gcolún ‘Stádas’ ar an scáileán ‘Taifead Fiosruithe’ trí moChúrsaí nó Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Leis an gcóras rianaithe, féadfaidh tú:

  • féachaint ar an stádas reatha maidir le fiosrú a bhí tíolactha agat trí M’Fhiosruithe
  • agus
  • an rannóg reatha atá ag déileáil le d’fhiosrú a fheiceáil.
Stádas an chórais rianaithe

Stádas

Cur síos

Ar feitheamh

Tugann sé seo le fios go bhfuair na Coimisinéirí Ioncaim d’fhiosrú agus go ndéanfar é a threorú chuig scuaine chun go bpróiseáiltear é.

Idir lámha

Tugann sé seo le fios go bhfuil d’fhiosrú i scuaine chun go bpróiseáiltear é faoi láthair.

Críochnaithe

Tugann sé seo le fios go bhfuil d’fhiosrú críochnaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Aiseolas ar Feitheamh

Tugann sé seo le fios gur iarr na Coimisinéirí Ioncaim rud éigin ón gcustaiméir agus go bhfuil siad ag feitheamh ar fhreagra a fháil uathu.

Seolta ag na Coimisinéirí Ioncaim

Tugann sé seo le fios gur sheol na Coimisinéirí Ioncaim an teachtaireacht.

Féadtar amharc freisin ar cén áit a bpróiseálfar d’fhiosrú. Tá an t-eolas seo ar fáil ar an ‘Scáileán Idirghníomhaíochtaí’ a fhéadtar teacht air ach cliceáil ar an bhfiosrú is mian leat a fheiceáil.

Cé atá i dteideal an tseirbhís a úsáid?

Chun an tseirbhís seo a úsáid, ní mór duit a bheith cláraithe le haghaidh moChúrsaí nó ROS. 

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Aon chustaiméirí gnó a bhfuil deimhniú digiteach ROS acu, féadann siad teacht ar ROS ón gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’ agus ansin ‘Seirbhísí Eile’.

Ní mór do ghníomhairí teacht ar M’Fhiosruithe trí ROS más mian leo fiosrú a dhéanamh faoi chúrsaí cánach cliaint.

Aon ghníomhairí atá bunaithe thar lear agus a bhfuil Uimhir Aitheantais Comhairleora Cánach (TAIN) acu ach gan Uimhir Tagartha Cánach Éireannach acu, féadfaidh siad clárú le haghaidh ROS leis an TAIN.

Féadann custaiméirí ÍMAT teacht ar an tseirbhís trí moChúrsaí, ach an cárta ‘Bainistigh Mo Thaifead’ a oscailt agus ‘M’Fhiosruithe’ a chliceáil.

Polasaí Coinneála Sonraí M’Fhiosruithe

Beidh do mhíreanna ar fáil ar feadh suas le deich mbliana ón dáta críochnaithe.

  • Ní bheidh do mhíreanna le feiceáil taobh istigh de chóras M’Fhiosruithe a thuilleadh sé bliana ón dáta críochnaithe.
  • Beidh tú in ann mír a fháil le ar feadh ceithre bliana eile tríd an taifead a iarraidh ó na Coimisinéirí Ioncaim. Tar éis cheithre bliana ní bheidh tú in ann é seo a dhéanamh.

Má tá míreanna de dhíth ort ar feadh thréimhse níos faide ná an tréimhse choinneála deich mbliana, moltar duit na feidhmeanna taobh istigh de M’Fhiosruithe a úsáid chun sábháil leictreonach mar PDF a dhéanamh nó a phriontáil agus comhaid páipéir a chur leis.