An ndearna tú dearmad ar do phasfhocal do moChúrsaí?
Má rinne tú dearmad ar do phasfhocal moChúrsaí, féadtar pasfhocal nua sealadach a fháil.
Beidh ort an méid seo a chur ar fáil:
- Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP)
 
- dáta breithe
 
- uimhir fóin agus seoladh ríomhphoist.
 
Sa chás go dtagann an fhaisnéis a chuireann tú ar fáil leis na sonraí atá ar an taifead againn, seolfaidh muid pasfhocal sealadach chugat láithreach. Féadtar an pasfhocal sealadach a fháil le teachtaireacht téacs nó ríomhphoist.
Mura bhfuil sé indéanta do chuid faisnéise a fhíorú go láithreach, is gá duit clárú le haghaidh moChúrsaí arís.
Cén chaoi le pasfhocal sealadach a fháil
Féadtar pasfhocal sealadach moChúrsaí a fháil ach na céimeanna seo a leanúint:
- Téigh chuig an leathanach sínithe isteach le haghaidh moChúrsaí.
 
- Roghnaigh ‘Pasfhocal i nDearmad?’
 
- Cuir isteach an fhaisnéis chuí (UPSP, dáta breithe, uimhir fóin nó seoladh ríomhphoist).