Treoracha moChúrsaí
Íocaíochtaí a dhéanamh ar moChúrsaí
Leis an gcóras moChúrsaí cuireann na Coimisinéirí Ioncaim áis shlán íoca ar líne ar fáil trína bhféadtar cáin, ús agus pionóis a íoc. Féadtar íocaíochtaí a dhéanamh i leith dliteanais a fuarthas faoi iniúchadh nó ó Fógraí Astaithe.
Cineálacha íocaíochtaí
Le moChúrsaí, féadtar íoc as an méid seo:
- Cáin - roghnaigh an rogha seo chun cáin a íoc.
- Ús - roghnaigh an rogha seo chun aon íocaíochtaí úis a dhéanamh.
- Pionós – roghnaigh an rogha seo chun aon íocaíocht a bhaineann le pionós a íoc, mar shampla, pionós i ndáil le hiniúchadh.
- Astú – roghnaigh an rogha seo chun fiachas ‘tríú páirtí’ a íoc atá dlite bunaithe ar Fhógra Astaithe ó na Coimisinéirí Ioncaim.
- Iniúchadh – roghnaigh an rogha seo chun aon dliteanais chánach a íoc atá dlite, agus atá bunaithe ar iniúchadh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Féadfaidh sé nár aontaíodh go hiomlán leis an iniúchóir an cháin chruinn, nó na tréimhsí cruinne.
Tabhair do d'aire
Ní mór gach ceann de na cúig chineál íocaíochtaí a bheith comhlánaithe agus íoctha ar leithligh. I gcás na gcineálacha íocaíochtaí cánach, úis agus pionóis, féadtar roinnt íocaíochtaí a dhéanamh in aon idirbheart amháin.
Íocaíocht a dhéanamh ar moChúrsaí
Féadtar íocaíocht a dhéanamh ar moChúrsaí le:
- cárta dochair
- cárta creidmheasa
- nó
- dochar aon uaire (‘treoir dochair aonair’) ag baint úsáide as cuntas bainc (deimhnigh le do bhanc go gceadaítear dochair dhíreacha).
Stair na n-íocaíochtaí
Féadtar féachaint ar stair do chuid íocaíochtaí ó leathanach baile moChúrsaí. Liostaíonn sé do chuid íocaíochtaí go léir de réir dáta, cineál íocaíochta agus méid.
Líne chabhrach d’íocaíochtaí le moChúrsaí
Chun cabhair a fháil le híocaíochtaí a dhéanamh le moChúrsaí, féadtar dul i dteagmháil lenár líne chabhrach ar:
01 738 3663.
Féadtar cáin a íoc ar líne le moChúrsaí i seacht gcéim shimplí:
- Cliceáil ar an nasc moChúrsaí ag an mbarr ar dheis den leathanach agus sínigh isteach.
- Ar an gcárta 'Íocaíochtaí/Aisíocaíochtaí' cliceáil ar 'Déan íocaíocht'.
- Roghnaigh an cineál íocaíochta atá á déanamh agat agus cliceáil ar ‘Ar Aghaidh’.
- Roghnaigh an Cháin is mian leat a íoc trí chliceáil ar 'Cuir íocaíocht leis',
- Roghnaigh bliain ón roghchlár anuas agus cuir isteach suim sa bhosca. Ansin cliceáil ar 'Cuir íocaíocht leis'.
- Cliceáil ar 'Ar Aghaidh' agus roghnaigh an chaoi ba mhian leat a íoc, cuir isteach do sheoladh ríomhphoist más mian leat deimhniú íocaíochta a fháil. Cuir isteach na sonraí cuí agus cliceáil ar 'Íoc anois'.
- Gheobhaidh tú deimhniú maidir leis an íocaíocht.
Féach ar Online payments of tax chun tuilleadh eolais a fháil ar na cánacha a féadfá íoc ar líne.