Bainistigh do chlárúcháin chánach

Cé dó atá moChúrsaí?

Féadtar clárú le haghaidh moChúrsaí más rud é:

  • cáiníocóir Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT)
  • cáiníocóir Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ)
  • gur custaiméir gnó thú, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil deimhniú digiteach gníomhach acu le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)
  • gur cáiníocóir nua thú. 

Féadtar moChúrsaí a úsáid chun clárú le haghaidh na cánacha seo a leanas:

  • Cáin Fáltas Caipitiúil (CFC)
  • Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC)
  • Tobhach ar Tháirgí Lochtacha Coincréite (TTLC)
  • Tobhach Comhshaoil
  • Cáin Ioncaim
  • Cáin Conarthaí Iomchuí (CCI).

Ina theannta sin, féadtar moChúrsaí a úsáid le haghaidh:

  • do thaifead cánach a bhainistiú
  • Deimhniú Stádais Chlárúcháin a fheiceáil agus a phriontáil, ina sonraítear do chlárúcháin cánach go léir agus an stádas reatha atá acu
  • deireadh a chur le clárúcháin cánach CFC nó TTLC, Tobhach Comhshaoil, agus CCI do ghnó atá ann cheana
  • agus
  • athchlárú le haghaidh CFC, TTLC, Tobhach Comhshaoil agus CCI. 

Custaiméirí nach bhféadann an tseirbhís a úsáid

Ba chóir d’iarratasóirí in aon cheann de na catagóirí nó cúinsí seo a leanas leanúint d’iarratais pháipéir a thíolacadh dá n-oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim:

  • Custaiméirí nach bhfuil incháilithe faoi láthair clárú le haghaidh moChúrsaí.
  • Céilí neamh-inmheasúnaithe.
  • Cuideachtaí nach bhfuil stiúrthóirí atá cónaitheach in Éirinn acu.
  • Comhlachtaí neamhchorpraithe nó eagraíochtaí neamhbhrabúis (scoileanna, boird bhainistíochta nó carthanais, mar shampla), nach ndéanann gníomhaire ionadaíocht dóibh.
  • Seiceadóirí.
  • Gníomhairí bailiúcháin.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Chun an tseirbhís a úsáid, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • do chuid sonraí clárúcháin le haghaidh moChúrsaí
  • an cineál cánach is mian leat a chlárú, a scor nó a athchlárú
  • agus
  • an dáta is mian leat é a chlárú, a scor nó a athchlárú.  

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Tá an tseirbhís ar fáil trí moChúrsaí, ach an cárta ‘Bainistigh Mo Thaifead’ a oscailt agus cliceáil ar ‘Clárúcháin Chánach’.