Cruthaigh achoimre de do shonraí pá agus cánach

Is seirbhís ar líne é seo trína bhféadtar doiciméad slán (PDF) a chruthú, ina ndéantar achoimre ar do shonraí pá agus cánach. Beidh d’achoimre faoi chosaint pasfhocail chomh luath agus a ghintear í. Leis seo, féadtar inrochtaineacht ar d’eolas a bhainistiú.

Féadtar an achoimre seo a chur ar fáil d’aon duine nó comhlacht, amhail institiúid airgeadais, dlíodóir nó údarás áitiúil. Féadfaidh tú é a úsáid mar chruthúnas ar ioncaim nó ar cháin a íocadh chun iarratas a dhéanamh ar iasacht, morgáiste, deontais nó iarratais den chineál sin.

Céard a bheidh san áireamh san achoimre?

Féadfaidh sé go mbeidh ceann díobh seo a leanas, nó iad uile a bheith san áireamh san achoimre:

  • do shonraí pá agus cánach go dtí seo don bhliain reatha
  • sonraí iomlána i leith aon íocaíochtaí a fuair tú ó d’fhostóirí le trí mhí anuas
  • do Ráitis Dliteanais i leith na gceithre bliana cánach is déanaí.

Féadtar roghnú cén t-eolas is mian leat a chur san achoimre.

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Féadtar teacht ar an tseirbhís ach na céimeanna seo a leanúint:

  • logáil isteach ar moChúrsaí
  • cliceáil ar an nasc ‘Cruthaigh achoimre de do shonraí pá agus cánach’ ar an gcárta 'Seirbhísí ÍMAT' ar leathanach baile moChúrsaí
  • lean na céimeanna.