Íocaíocht Dleachta Custam agus Máil a dhéanamh

Cén chaoi le muirir Custam agus Mháil a íoc ag baint úsáid as áis íoca ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim in ROS nó moChúrsaí

Féadtar íocaíochtaí Custam agus Máil a dhéanamh ag baint úsáid as ROS nó moChúrsaí

  •  cárta creidmheasa (Níl an rogha seo ar fáil ach do Chustaiméirí An Rannóg Gnó agus An Rannóg Cánacha Pearsanta.  Níl sé ar fáil do Chustaiméirí Rannóg na gCorparáidí Móra, Rannóg na bhFiontar Meánmhéide nó Custaiméirí Rannóg Daoine Aonair Ardioncaim agus Rannóg na gCásanna Móra)
  • cárta dochair (Níl an rogha seo ar fáil ach do Chustaiméirí An Rannóg Gnó agus An Rannóg Cánacha Pearsanta.  Níl sé ar fáil do Chustaiméirí Rannóg na gCorparáidí Móra, Rannóg na bhFiontar Meánmhéide nó Custaiméirí Rannóg Daoine Aonair Ardioncaim agus Rannóg na gCásanna Móra)
  • le haistriú ó chuntas bainc an íocóra trí Threoir Dochair Aonair (TDA).

Leis seo féadtar teacht láithreach ar an íocaíocht ar an gcuntas Custam agus Máil nó TAN.

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ar bhealaí eile íocaíochta nó ar an gcaoi le d’íocaíocht a iarchur in Modhanna Íocaíochta.