Ró-íocaíocht Faoisimh Cánach ó Ús Morgáiste (Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse – FCF) a thabhairt ar ais

Féadann ró-íocaíocht ar FCF tarlú nuair a íoctar Faoiseamh ó Ús Morgáiste i ndáil le ‘hiasacht le haghaidh áit chónaithe neamhcháilitheach’.

Más amhlaidh gur cuireadh in iúl duit, nó go bhfuil tú ar an eolas, go bhfuair tú  ró-íocaíocht FCF, ba cheart duit an íocaíocht céana a aisíoc gan mhoill. Féadann tú an íocaíocht seo a dhéanamh ar líne nó ar an bhfón. 

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Chun an tseirbhís a úsáid, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • do chuid sonraí clárúcháin le haghaidh moChúrsaíSeirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)
  • d’uimhir cuntais morgáiste
  • suim na híocaíochta atá le déanamh
  • do chuid sonraí cárta creidmheasa, cárta dochair, nó d’uimhir idirnáisiúnta cuntais bainc (IBAN) agus do Chód Aitheantais Bainc (BIC)

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Féadtar teacht ar an tseirbhís trí:

  • moChúrsaí 
    • Cliceáil ar ´déan íocaíoct´ar an gcárta ´íocaíochtaí/Aisíocaíochtaí ar an deais MoChúrsaí tar éis duit síniú isteach ar MoChúrsaí
    • Cliceáil ´Cáin´agus ansin ar ´táispeáin tuilleadh cánach´. Scrolláil síos go dtí ´Ró-íocaíochtaí FCF´.
  • ROS
    • Ón bpríomh-roghchlár ROS, cliceáil ar an gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’.
    • Sa rannán ‘Íocaíochtaí agus Aisíocaíochtaí’, oscail ‘Íocaíocht a dhéanamh’ agus roghnaigh an cineál íocaíochta ‘Íocaíocht Chánach/Deimhniú’ agus an cineál cánach ‘TRS’.
    • Cliceáil ar an gcnaipe ‘Déan Íocaíocht’. 
  • Íoc ar an bhfón

Féadann tú íocaíochta a dhéanamh le do chárta creidmheasa/dochair ach glaoch a chur ar 01 738 3663.