Cuir na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas faoi shonraí CMÁ le haghaidh díol nó aistriú breis agus maoin chónaithe amháin
Féadfaidh sé go bhfuil tú ag ceannach nó ag aistriú breis agus ceann amháin de do mhaoine cónaithe. Má tá, ní mór duit an Brainse Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a chur ar an eolas faoi gach ceann de na maoine.
Féadfaidh sé nár luadh sonraí na maoine cónaithe ar an Tuairisceán Dleachta Stampa. Más amhlaidh an cás, ba chóir duit na sonraí a chur isteach chuig an mBrainse CMÁ leis an Teimpléad uaslódála bulc cuí. Tá dhá Theimpléad uaslódála bulc ann:
- Teimpléad uaslódála bulc 2022 go 2025 - Tá an teimpléad seo le haghaidh díolacháin nó aistrithe a dhéantar lena bhfuil níos mó ná maoin amháin i gceist, suas go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2025, agus an dáta sin san áireamh.
- agus
- Teimpléad uaslódála bulc 2026 go 2030 - Tá an teimpléad seo le haghaidh díolacháin nó aistrithe a dhéantar lena bhfuil níos mó ná maoin amháin i gceist, ar an 1 Samhain 2025, nó dá éis.
Cé dó an tseirbhís seo?
Féadfaidh tú an tseirbhís seo a úsáid má tá tú:
- ag díol nó ag aistriú roinnt maoin cónaithe in Éirinn ar leat iad
- nó
- i do ghníomhaire nó duine aonair ag gníomhú thar ceann úinéir na maoin in Éirinn.
An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid
Chun an tseirbhís a úsáid, is gá an teimpléad uaslódála bulc a bheith comhlánaithe agat. Ba chóir duit an teimpléad a shábháil faoin uimhir aitheantais doiciméid don dleacht stampa.
Ní mór duit a bheith cláraithe le haghaidh Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) nó le haghaidh moChúrsaí chun an tseirbhís a úsáid.
Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís
Féadtar teacht ar an tseirbhís trí moChúrsaí, ach na céimeanna seo a leanúint:
- Sa rannán ‘Bainistigh Mo Thaifead’, cliceáil ar ‘M’Fhiosruithe’.
- Cliceáil ar ‘Cuir Fiosrú Nua Leis’.
- Cuir isteach an t-aitheantas doiciméid ón Tuairisceán Dleachta Stampa in ‘Mo Thagairt (roghnach)’ nó in ‘Sonraí an Fhiosraithe’.
- Faoi ‘Ceangail Eolas Tacaíochta’, roghnaigh ‘comhad comhlánaithe le huaslódáil’.
- Deimhnigh mo sheoladh ríomhphoist.
- Roghnaigh ‘Tíolaic Fiosrú’ ag bun na láimhe deise den scáileán.
Féadtar teacht ar an tseirbhís trí ROS, ach na céimeanna seo a leanúint:
- Faoin gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’ cliceáil ar ‘Seirbhísí Eile’.
- Roghnaigh ‘Cuir Fiosrú Nua Leis’.
- Roghnaigh ‘Baineann m’Fhiosrú le’ agus cuir isteach ‘Cáin Mhaoine Áitiúil’.
- Roghnaigh ‘Agus níos beaichte’ agus uaslódáil do liosta maoin chónaithe.
- Cuir isteach an t-aitheantas doiciméid ón Tuairisceán Dleachta Stampa in ‘Mo Thagairt (roghnach)’ nó in ‘Sonraí an Fhiosraithe’.
- Faoi ‘Ceangail Eolas Tacaíochta’, roghnaigh ‘comhad comhlánaithe le huaslódáil’.
- Roghnaigh ‘Tíolaic Fiosrú’ ag bun na láimhe deise den scáileán.