An ndearna tú dearmad ar do phasfhocal do moChúrsaí?

Má rinne tú dearmad ar do phasfhocal moChúrsaí, féadtar pasfhocal nua sealadach a fháil.

Beidh ort an méid seo a chur ar fáil:

  • Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP)
  • dáta breithe
  • uimhir fóin agus seoladh ríomhphoist.

Sa chás go dtagann an fhaisnéis a chuireann tú ar fáil leis na sonraí atá ar an taifead againn, seolfaidh muid pasfhocal sealadach chugat láithreach. Féadtar an pasfhocal sealadach a fháil le teachtaireacht téacs nó ríomhphoist.

Mura bhfuil sé indéanta do chuid faisnéise a fhíorú go láithreach, is gá duit clárú le haghaidh moChúrsaí arís.

Cén chaoi le pasfhocal sealadach a fháil

Féadtar pasfhocal sealadach moChúrsaí a fháil ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Téigh chuig an leathanach sínithe isteach le haghaidh moChúrsaí.
  • Roghnaigh ‘Pasfhocal i nDearmad?’
  • Cuir isteach an fhaisnéis chuí (UPSP, dáta breithe, uimhir fóin nó seoladh ríomhphoist).