Cláraigh le haghaidh moChúrsaí

Pointe rochtana singil is ea moChúrsaí le haghaidh seirbhísí slán ar líne. Is bealach tapa agus éasca é chun roinnt tascanna a dhéanamh. Folaíonn na seirbhísí seo do shonraí phearsanta a thabhairt cothrom le dáta, íocaíochtaí a dhéanamh agus cur isteach ar fhaoisimh chánach agus dreasachtaí áirithe.

Le moChúrsaí, féadtar teacht ar mhórán seirbhísí de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, le logáil isteach aonair agus pasfhocal. Folaíonn na seirbhisí seo:

Féadtar clárú le haghaidh moChúrsaí nó féadtar teacht air le do chuntas fíoraithe MyGovID.

Tabhair do d'aire

Ní sheolfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ríomhphoist a éilíonn ort faisnéis phearsanta a sheoladh trí ríomhphost nó fuinneoga aníos riamh. Ligeann do phasfhocal moChúrsaí duit teacht ar do thaifid. Chun a bheith slán agus sábháilte ar líne ná nochtaigh do chuid sonraí shínithe isteach agus do phasfhocal slán do dhuine ar bith.

Céard a fhéadtar a dhéanamh in moChúrsaí?

Le moChúrsaí, féadtar an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • do thaifead cánach a bhainistiú
  • creidmheasanna cánach a éileamh, lena n-áirítear faoiseamh i leith costais sláinte
  • féachaint ar do shonraí pá agus cánach mar a thuairiscigh d’fhostóir iad
  • ioncam breise a dhearbhú
  • Tuairisceán Ioncaim a thíolacadh
  • féachaint ar d’Achoimre Sonraí Fostaíochta i leith 2019 agus blianta ina dhiaidh
  • féachaint ar an Ráiteas Dliteanais nó ceann a iarraidh
  • post nó pinsean nua a chlárú
  • faoiseamh cánach a éileamh ar athchóirithe tí
  • do Cháin Maoine Áitiúil (CMÁ) a íoc
  • féachaint ar do chomhfhreagras ÍMAT in 'Mo Chuid Doiciméad'.

Cé a fhéadann clárú le haghaidh moChúrsaí?

Féadtar clárú le haghaidh moChúrsaí más rud é:

  • gur cáiníocóir ÍMAT thú
  • gur cáiníocóir CMÁ thú
  • gur custaiméir gnó thú, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil deimhniú digiteach gníomhach acu le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)
  • gur cáiníocóir nua thú.

An méid a theastaíonn chun clárú le haghaidh moChúrsaí

Chun clárú le haghaidh moChúrsaí, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

Féadtar teacht ar moChúrsaí láithreach má fhéadann tú d’aitheantas a fhíorú le ceann amháin den mhéid seo:

  • uimhir ceadúnais tiomána Éireannaigh
  • faisnéis ó do dhúilín pá
  • Eolas faoi do Cháin Ioncaim
  • fógra um measúnú nó admháil um fhéinmheasúnú.

Mura bhféadtar an t-eolas seo a chur ar fáil, roghnaigh an rogha ‘Sa phost’ agus eiseoidh muid do phasfhocal chugat sa phost caighdeánach.

Cén chaoi le clárú le haghaidh moChúrsaí:

Má tá cuntas fíoraithe MyGovID agat, ní gá duit clárú le haghaidh moChúrsaí:

  • Téigh chuig an leathanach sínithe isteach nó an leathanach clárúcháin le haghaidh moChúrsaí.
  • Cliceáil ar ‘Logáil isteach le MyGovID’.

Mura bhfuil cuntas fíoraithe MyGovID agat:

  • téigh chuig ‘Cláraigh le haghaidh moChúrsaí’
  • cliceáil ar ‘Tosaigh an Clárúchán’.

Féach an físeán céim ar chéim maidir leis an gcaoi le clárú le haghaidh moChúrsaí: