Cláraigh le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)

Le ROS, féadtar féachaint ar do shuíomh cánach leis na Coimisinéirí Ioncaim, nó ar shuíomh canach do chliaint.

Le ROS, féadtar:

  • féachaint ar do shuíomh canach maidir le cánacha agus tobhaigh éagsúla
  • tíolaic tuairisceáin chánach agus foirmeacha
  • íocaíochtaí a dhéanamh ar líne ar bhealaí éagsúla le haghaidh na gcánacha seo
  • teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim ar bhealach slán.

Cé a fhéadtar iarratas a dhéanamh le bheith mar chustaiméir ROS?

Féadtar clárú le haghaidh ROS más rud é:

  • go bhfuil tú i do dhuine aonair nó eintiteas a bhfuil Uimhir Clárúcháin Cánach Éireannach agat agus atá cláraithe cheana féin le haghaidh cáin ghnó. Samplaí de chánacha gnó is ea Cáin Ioncaim, Cáin Bhreisluacha (CBL) nó Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) Fostóra
  • go bhfuil tú i do chleachtóir cánach a bhfuil Uimhir Aitheantais Comhairleora Cánach (TAIN) bhailí agat
  • go bhfuil tú i do ghlacadóir Cánach Maoine Áitiúil (CMÁ) a bhfuil uimhir bhailí Ghlacadóra agat.

Mura bhfuil tú cláraithe ach amháin le haghaidh ÍMAT nó CMÁ, ba chóir duit cláraigh le haghaidh moChúrsaí.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Chun an tseirbhís a úsáid, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • d’Uimhir Clárúcháin Cánach, TAIN (gníomhairí amháin), nó Uimhir Glacadóra CMÁ
  • d’uimhir fóin póca
  • do sheoladh ríomhphoist gníomhach. 

Cén chaoi le clárú le haghaidh ROS

Féadtar clárú le haghaidh ROS ach na céimeanna seo a leanúint:

  • cliceáil ar an nasc chun Clárú le haghaidh ROS
  • cuir isteach ar Uimhir Rochtana ROS (RAN)
  • cuir isteach ar dheimhniú digiteach ROS
  • íoslódáil agus sábháil do dheimhniú digiteach ROS.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar an bpróiseas clárúcháin ROS, lena n-áirítear físeáin ar do dheimhniú digiteach a íoslódáil agus a shábháil, féach ar an Ionad Cabhrach ROS.