Bain úsáid as MyGovID chun teacht ar moChúrsaí

Is éard is MyGovID ann ná seirbhís aitheantais ar líne trína bhféadtar teacht ar sheirbhísí Rialtais ar líne ar bhealach slán sábháilte.

Tugann cuntas fíoraithe MyGovID,  rochtain shlán ar líne ar mórán seirbhísí Rialtais ar líne lena n-áirítear:

  • iarratais ar dheontas i leith Tacaíocht Uilechoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI)
  • iarratais ar cheadúnas tiomána
  • An Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí (NCS)
  • agus
  • tairseach ar líne na Roinne Coimirce Sóisialaí (RCS) MyWelfare.

Teacht ar moChúrsaí

Má tá cuntas fíoraithe MyGovID agat, féadtar teacht ar moChúrsaí ach do chuid sonraí MyGovID a úsáid. Ní bheifear in ann teacht ar moChúrsaí le MyGovID mura bhfuil cuntas fíoraithe MyGovID agat.

Féadfaidh sé go ndéanfaí athbhreithniú ar d’iarratas sula dtugtar rochtain duit ar moChúrsaí. Más ea, gheobhaidh tú fógra agus na sonraí seo ann. Má dhéantar athbhreithniú ar d’iarratas, iarrfar ort deimhniú a thabhairt cé acu an mian nó nach mian leat go ndéanfaí an t-athbhreithniú. Más mian, cuirfidh muid in iúl duit le teachtaireacht téacs le rá go bhfuil do chás réitithe.

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Féadtar teacht ar moChúrsaí ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Téigh chuig an leathanach sínithe isteach le haghaidh moChúrsaí.
  • Cliceáil ar ‘Lógáil isteach le MyGovID’.
  • Cuir an t-eolas iarrtha ar fáil.